“Is curaclam comhtháite é (Curaclam Teanga na Bunscoile) ina ndéantar ceangail idir teangacha agus taobh istigh de theangacha.” (CNCM 2019, lch 4)
Mar thoradh, trasnaíonn torthaí foghlama áirithe an dá theanga agus na trí shnáithe (teanga ó bhéal, léitheoireacht agus scríbhneoireacht). Tóg na torthaí foghlama seo a leanas:
– Stór focal
Roghnaigh Stór focal a luaitear thuas. Scríobh aiste acadúil ar conas is féidir an toradh foghlama sin a fhorbairt sa Ghaeilge. Déan na rudaí seo a leanas san aiste:
• Déan anailís chúramach ar an toradh foghlama atá roghnaithe agat agus ar na mionchéimeanna a bhaineann leis. Cuir achoimre ar fáil de na rudaí is tábhachtaí atá le forbairt agus tú ag múineadh an toraidh foghlama seo
• Roinn smaointe faoi conas is féidir an toradh foghlama roghnaithe a fhorbairt sa teanga ó bhéal
• Roinn smaointe faoi conas is féidir an toradh foghlama roghnaithe a fhorbairt sa léitheoireacht
• Roinn smaointe faoi conas is féidir an toradh foghlama roghnaithe a fhorbairt sa scríbhneoireacht
• Tabhair moltaí faoi conas is féidir ceangal a dhéanamh idir an Béarla agus an Ghaeilge, ionas gur féidir scileanna a aistriú idir na teangacha, chun tacú le forbairt an toraidh foghlama roghnaithe